Le Feargal Mac Ionnrachtaigh
le caoinchead Ghrúpa Meáin Bhéal Feirste
‘For the white man, one man, one vote would be the greatest solution! It would encourage competition amongst blacks, you see, and it would eliminate the most important ground for critique from abroad of the present regime. But it would not change the position of economic oppression of blacks. That would remain the same.’ An réabhlóidí ón Afraic Theas, Steve Biko ag caint in 1972.
B’íorónach go dtáinig ann don rabhadh tairngreachta seo ó bhéal Steve Biko níos mó na 20 bliain níos faide anonn nuair a cuireadh deireadh leis an réimeas cinedheighilte in 1994. D’imigh na dlíthe suaracha, cíníocha agus an cinedheighilt ‘polaitiúil’ maidir le ceart vótála don mhóramh ghorm agus rinne an domhan mór céiliúradh go raibh ‘daonlathas’ ag glacadh áit na deachtóireachta ciníche. Ní raibh an tuiscint fhorleathan ag an am, áfach, gur chinntigh an socrú idirbheartaíochta idir an ANC agus na huasalaicmí geala go bhfanfadh éagothromas eacnamaíochta go díreach mar a bhí ariamh.
Go deimhin, d’ardaigh an bochtanas, dífhostaíocht agus anró méid millteanach ó ‘lá na saoirse’ in 1994 i leith agus ceannaireacht an ANC comhshamhlaithe go hiomlán ag loighic an nualiobrálachais. Dhearbhaigh an chéad Phríomhaire Thabo Mbeki go bródúil in 1996 gur ‘Thatcherite’ a bhí ann agus é ag neartú príobhaidiú gan srian ar sheirbhísí na tíre. Mhéadaigh an bearna idir lucht an rachmais agus na bochtáin, leis an mhéid a mhair ar £1 amháin in aghaidh an lae ag dúbailt ó dhá mhilliún in 1994 go ceithre mhilliún in 2006. Sa tréimhse chéanna, d’ísligh an caighdeán maireachtála i measc an 50% is boichte sa tír, arbh don phobal gorm 98% acu, le míchothú ainsealach agus mortlaíocht naíonán ag dul chun donais i rith an ama.
D’aithin ceannaireacht chorparáideach an nualiobrálachais go raibh sé riachtanach go bhforbrófar aicme shaibhir ghorm sa ré úr san Afraic Theas chun comhsheilbh a ghlacadh ar an rachmas a shíolraigh ó bhochtanas na cosmhuintire. Chinntigh an Black Enpowerment Programme gur chríochnaigh ceannairí san ANC ar nós Cyril Ramphosa ina mhilliúnaí agus fear gnó le hinfheistíocht phearsanta sa chórás suarach seo.
Is an córas céanna seo a chruthaigh na cúinsí eacnamaíochta doghlactha inar tharla an sléacht uafásach ag an mhianach platanam de chuid Lonmin ar an Déardaoin seo caite. Tá dlúthbhaint ghnó ag an Mhianach Lonmin, atá ina chorparáid Shasanach, le Ceardchumann Náisiúnta na Mianadóirí (NUM), atá faoi stiúir Cyril Ramaphosa a shuíonn ar Bhord Stiúrtha Lonmin. Tá comhcheangal cumhachtach ann idir an ceardchumann seo agus Comhdháil Cheardchumann na hAfraice Theas (Cosatu), atá mar chomhghuaillí le Rialtas an ANC.
Le codarsnacht ghéar idir thuarastal na n-oibrithe sa mhianach platanam seo agus scálaí brabúis na corparáide Sasanaí agus ceannaireacht an NUM i gcoitinne, a shínigh suas don mhargadh tuarastail éagothrom reatha, chuir na hoibrithe atá dílis don cheardchumann mhianadóireachta AMCU (Association of Mineworkers and Construction Union) tús la hagóidíocht an tseachtain seo caite ar son ardú tuarastail chuig 12,500 rand (£955) in aghaidh na míosa.
Bhí seachtain fhíochmhar agóidíochta ag an mhianach i Marikana agus maraíodh deichniúr; oibrithe, péas agus fír shlándála ina measc. B’éigean do Lonmin, atá ar an tríú táirgeoir platanaim is mó ar domhan, an táirgeadh mianadóireacht a chealú, mar gheall ar stailc na n-oibrithe agus an cath fíochmhar idir na ceardchumainn.
Mar a tharlaíonn go hiondúil sna hachrainn seo, thaobhaigh an stát leis an chorparáid chumhachtach agus an ceardchumann rachmasach nuair a chuir said péasfhórsa na hAfraice Theas isteach chun an ‘uasmhéid fórsa’ a úsáid in éadan na stailceoirí bochta, ocracha. Scaoil siad ar an slua go neamhthrócaireach, dúnmharaíodh 34 mianadóirí agus gortaíodh 78 eile.
Chonaic ceamaraí teilifíse an domhain mhóir go raibh Rialtas an ANC freagrach as Sharpeville eile inar maraíodh bochtáin ghorma ag troid ar son a gcearta. Sléacht marfach, a bhí chomh fuilteach le hár ar bith ó na blianta is measa i stair na tíre, a léiríonn go bhfuil cinedheighilt eacnamaíochta i mbarr réime go fóill. Tá dóchas ann, áfach, go mbeidh misneach ag an chosmhuintir troid fhíochmhar eile a chuir ar na huasalaicmí cinedheighilte is déanaí. Go n-éirí leo!